Is é atá san leabhar seo stair Scoil na gCruach atá suite i nGaeltacht Lair Thír Chonaill, scoil a bunaíodh sa bhliain 1907 agus a druideadh i 1971.
Tá mórán eolais agus seanchais ann fosta ar cheantar na gCruach i gcoitinne chomh maith le cuimhní cinn iar-dhaltaí scoile agus scoláirí Gaeilge a thugann léargas ar an dóigh a ndeachaigh an fhíor-ghaeltacht seo i bhfeidhm orthu féin.
Coiste Cuimhneacháin Scoil na gCruach a chuir an leabhar le chéile.
Áine Ní Dhíoraí, Eagarthóir

|